BLOGGER TEMPLATES AND TWITTER BACKGROUNDS »

Monday, May 25, 2009

Deontas de €40,000 ceadaithe ag an Aire Ó Cuív as Ciste na Gaeilge do Raidió Rí-Rá: woooooooo!!!!

Mar is léir den teideal, is rath mór Rí Rá leis an tAire O Cuiv!

Táimid imithe ón raidío náisiúnta, ach táimid ar an idirlín ar Raidió Rí Rá, bígí ag éisteacht! Le bhúr dtacú beimid in ann an stáisiún a choimead ar do airwaves amach as seo!

B'fhéidir go bhfuil muidne ciúin faoi láthair, ach bizzy bees ab ea muidne- féach ar na duaiseanna a fuair muidne!

D’éirigh le Raidió Rí-Rá, an chéad chairt-stáisiúin raidió Gaeilge don aos óg, dhá ainmniúcháin a fháil do Ghradaim Chumarsáide mhórmheasúla Oireachtas na Gaeilge 2009, agus gan ach bliain amháin aige ar an saol i mbliana.



Is é Raidió Rí-Rá an chéad chairt-stáisiún lánGhaeilge don aos óg in Éirinn agus é ag seinnt na n-amhrán is mó ó na cairteacha gan stad, trí Ghaeilge, ar-líne ag www.RaidioRiRa.ie ó seoladh é i mí Mhárta 2008 faoin ainm oibre Raidió X.



Tá an clár seachtainiúil PopNuacht á chraoladh ar Raidió Rí-Rá ón chéad lá riamh agus bhí sé ainmnithe don ghradam Clár Raidió na Bliana i measc cláracha seanbhunaithe ar mhórstáisiúin Ghaeilge eile na tíre dá leithéid Adhmhaidin (an clár a bhuaigh ar an oíche) agus Rónán Beo @ 3 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta; Blas ar BBC Raidió Uladh; agus Na Giollaí Deacra ar Raidió Fáilte.



D’éirigh le Miriam Maher, láithreoir reatha an chláir popnuachta ar Raidió Rí-Rá, ainmniúcháin a fháil freisin faoin rannóg Pearsa Raidió na Bliana in iomaíocht le Daragh Ó Tuama (Newstalk); Eibhlín Ní Chonghaile (RTÉ Raidió na Gaeltachta); Eoghan Ó Néill (Raidió Fáilte) agus Rónán Mac Aodha Bhuí (RTÉ Raidió na Gaeltachta), a ghnóthaigh an gradam ar an oíche.



Tá cur chuige fuinniúil, spraíúil ag Miriam ag cur an scannal is déanaí, an nuacht is fearr agus an chúlchaint is greannmhaire i láthair ar an gclár PopNuacht gach seachtain agus ní hamháin gur féidir gach clár PopNuacht a íoschóipeáil mar mp3 ó iTunes agus ó www.RaidioRiRa.ie, ach bíonn na scéalta ar fad le léamh ar an suíomh céanna agus sa nuachtán Foinse gach seachtain leis.



Bhí an t-aisteoir mór le rá Linda Bhreathnach ainmnithe do ghradam an Oireachtais Aisteoir na Bliana ar son a cuid oibre ar an ógdhráma teilifíse Seacht, ach rinne sí láithreoireacht ar Raidió Rí-Rá níos luaithe i mbliana freisin.



D’éirigh le Raidió Rí-Rá ceadúnas sealadach ilcathrach a fháil ó Choimisiúin Craolachán na hÉireann le craoladh beo ar an gcóras FM i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i nGaillimh agus i Luimneach ón 1 – 22 Márta 2009 buíochas le tacaíocht ón bpríomhurraitheoir corparáideach Samsung agus le cabhair ó Chonradh na Gaeilge. Bhí teacht ar níos mó na milliúin go leith duine ar Raidió Rí-Rá agus é ar FM le linn mhí an Mhárta agus tá grúpa oibre an ógstáisiúin ag obair i dtreo stáisiún raidió lánaimseartha as Gaeilge don aos óg a chur ar an gcóras náisiúnta FM amach anseo.

Baby, is rath muidne!

0 comments: