BLOGGER TEMPLATES AND TWITTER BACKGROUNDS »

Monday, May 25, 2009

Deontas de €40,000 ceadaithe ag an Aire Ó Cuív as Ciste na Gaeilge do Raidió Rí-Rá: woooooooo!!!!

Mar is léir den teideal, is rath mór Rí Rá leis an tAire O Cuiv!

Táimid imithe ón raidío náisiúnta, ach táimid ar an idirlín ar Raidió Rí Rá, bígí ag éisteacht! Le bhúr dtacú beimid in ann an stáisiún a choimead ar do airwaves amach as seo!

B'fhéidir go bhfuil muidne ciúin faoi láthair, ach bizzy bees ab ea muidne- féach ar na duaiseanna a fuair muidne!

D’éirigh le Raidió Rí-Rá, an chéad chairt-stáisiúin raidió Gaeilge don aos óg, dhá ainmniúcháin a fháil do Ghradaim Chumarsáide mhórmheasúla Oireachtas na Gaeilge 2009, agus gan ach bliain amháin aige ar an saol i mbliana.



Is é Raidió Rí-Rá an chéad chairt-stáisiún lánGhaeilge don aos óg in Éirinn agus é ag seinnt na n-amhrán is mó ó na cairteacha gan stad, trí Ghaeilge, ar-líne ag www.RaidioRiRa.ie ó seoladh é i mí Mhárta 2008 faoin ainm oibre Raidió X.



Tá an clár seachtainiúil PopNuacht á chraoladh ar Raidió Rí-Rá ón chéad lá riamh agus bhí sé ainmnithe don ghradam Clár Raidió na Bliana i measc cláracha seanbhunaithe ar mhórstáisiúin Ghaeilge eile na tíre dá leithéid Adhmhaidin (an clár a bhuaigh ar an oíche) agus Rónán Beo @ 3 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta; Blas ar BBC Raidió Uladh; agus Na Giollaí Deacra ar Raidió Fáilte.



D’éirigh le Miriam Maher, láithreoir reatha an chláir popnuachta ar Raidió Rí-Rá, ainmniúcháin a fháil freisin faoin rannóg Pearsa Raidió na Bliana in iomaíocht le Daragh Ó Tuama (Newstalk); Eibhlín Ní Chonghaile (RTÉ Raidió na Gaeltachta); Eoghan Ó Néill (Raidió Fáilte) agus Rónán Mac Aodha Bhuí (RTÉ Raidió na Gaeltachta), a ghnóthaigh an gradam ar an oíche.



Tá cur chuige fuinniúil, spraíúil ag Miriam ag cur an scannal is déanaí, an nuacht is fearr agus an chúlchaint is greannmhaire i láthair ar an gclár PopNuacht gach seachtain agus ní hamháin gur féidir gach clár PopNuacht a íoschóipeáil mar mp3 ó iTunes agus ó www.RaidioRiRa.ie, ach bíonn na scéalta ar fad le léamh ar an suíomh céanna agus sa nuachtán Foinse gach seachtain leis.



Bhí an t-aisteoir mór le rá Linda Bhreathnach ainmnithe do ghradam an Oireachtais Aisteoir na Bliana ar son a cuid oibre ar an ógdhráma teilifíse Seacht, ach rinne sí láithreoireacht ar Raidió Rí-Rá níos luaithe i mbliana freisin.



D’éirigh le Raidió Rí-Rá ceadúnas sealadach ilcathrach a fháil ó Choimisiúin Craolachán na hÉireann le craoladh beo ar an gcóras FM i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i nGaillimh agus i Luimneach ón 1 – 22 Márta 2009 buíochas le tacaíocht ón bpríomhurraitheoir corparáideach Samsung agus le cabhair ó Chonradh na Gaeilge. Bhí teacht ar níos mó na milliúin go leith duine ar Raidió Rí-Rá agus é ar FM le linn mhí an Mhárta agus tá grúpa oibre an ógstáisiúin ag obair i dtreo stáisiún raidió lánaimseartha as Gaeilge don aos óg a chur ar an gcóras náisiúnta FM amach anseo.

Baby, is rath muidne!

Wednesday, March 18, 2009

Tá tinneas cinn orm!!

Níl a fhios agam faoi sibhse, ach tá mo cheann fós cosúil le go bhfuil dioscó ar siúl istigh ann. Lá fhéile Pádraig íontach ab ea é, go huile is go hiomlán. Cad a rinne sibhse le haghaidh an lá spesialta agus ná abair gur fhan tú istigh ag ól!

Chualamar rud éigin brónach inné- tá bean chéile Liam Neeson, an aisteoir cáiliúl Natasha Richardson, in ospidéál mar gheall ar timpiste ski.

Níl éinne cinnte in chén stáit a bhfuil sí ach tá súil againn go mbeidh sí ok.

Seo cúpla pictúirí a thangamar ar an idirlíon. Bain taitneamh as, tá siad chomh greannmhar!









Friday, March 13, 2009

Maidin mhaith!

Ach níl chuile dhuine chomh maith ar maidin!

Bhíomar amach ar fad oíche areir ag Sonas, oíche nua in áit Sult. Rath mór ab ea é- slua cool ab ea ann agus bhí Kila ag seinnt, le Odjemba agus Paddy Courtney. Sár craic! Bhí Kila dochreidte!


Inniu is é ceist an lae ná:

"Cen réalta "Dawson's Creek atá chun lipéid éada í a dhearadh don Armani?"

Faigh an fón sin páistí!

Inniu, is aoibheann linn John Mayer. Ní raibheamar RÓ cinnte faoi ach tar éis an video seo a fheiceáil, conas nach dtaitníodh sé go mór libhse?



Suainseán le haghaidh inniu:

Céard atá ar siúl idir Jennifer Aniston agus John Mayer? An bhfuil siad le chéile nó nach bhfuil?


Sórt é lads! Tá sibhse ró dathúil chun a bheith ag argóint.





Cad atá ar siúl le Madonna ach an oiread? A-Rod? No Jesus Luz? An cuma linnse?


Ar aon nós, nílimid chun rud ar bith a rá faoi Madonna. Tá cuma neart ag an mbean sin. Tá eagla orainn fuithi. I ndáiríre.





Ghabhadh Ashley Cole mar gheall ar iompar ólta agus mí ordúil Dé Déardaoin seo caite. Bhí sé ag screadaíl ar poiliní tar éis a thóg dhuine éigin griangraf de ag caint le bean óg fionn. Bhí Cheryl thuas Kilimanjaro le haghaidh Comic Relief ag an am ina measc. An gobshite.





Ar chuala tú? Tá Rihanna chun Chris Brown a phósadh!

CAD ATÁ TÚ AG DÉANAMH?!!!!!




Sin é mo bheauties! Go dtí amárach!

Wednesday, March 11, 2009

Ceist an lá!

Cén dhuine a bheidh mar dheartháir le "Captain Jack" sa scannán nua de Pirates of the Carribean?


Seol téacs chugam go tapadh chun bheith istigh le seans fón Samsung a bhuaigh!


Agus seo scéal greannmhar ó inné, agus a bhí ceann de na cailiní ag tabhairt lollypops, saor in aisce do tiománaí ag dul abhaile-

Tháinig sí le cárr amháin. D'fhéach an tiománaí ar an lolly ina lámh agus dúirt sé

"Dúirt yer man ansin go raibh sibhse ag tabhairt frithghiniúntaí, ní lollypops!"

"Bhuel, ní oibreoidh siad ach tugfaidh mé cúpla cinn duitse ar aon nós!"

Is aoibheann linn-

LADY GAGA!!!




Is siombal stíl nua í agus táimid i ngrá lena éadaí! Tá meas mór againn le éinne atá an féinmhuinín acu chun rudaí chomh misneach le sin a chaitheamh! Is cailín cumhachtach, gnéasach, láidir í, agus is í ár duine is fearr faoi láthair!




Baineann GaGa usáid íontach ón "house scene" i Nua Eabhrac le haghaidh a chuid spreag mar gheall ar a eadaí. Bíonn nodanna freisin le Ziggy Stardust mar gheall ar a smidiún criaceáilta. B'fhéidir nach mbéadh tú in ann é a chaitheamh in aon chlub anseo ach ba chóir duit iarracht a dhéanamh ar aon nós!







Níl sé neirbhíseach triail a dhéanamh as rud nua ar bith. Lady Gaga, is <3 linn thú!



Tuesday, March 10, 2009

Dia dhaoibhse!

Is é ceist an lae ná

"Cén banna ceoil a bheidh ag seinm i bPáirc Uí Chrócaigh ar an 24 Iúil 2009?"

Más mian leat Samsung L700 Gael Fón a bhuaigh, bígí ag éisteacht le muidne agus ceist an lae!


Táimid ag éisteacht le JT agus "Dead and Gone" anois ar Rí Rá. Cén amhrán is fearr leat faoi láthair? Ceapaimid gur chóir le dhuine éigin "mash-up" nua a dhéanamh de amhrán Daft Punk, sin foirmle rath ón tús. Táimid ag iarraidh titeadh i ngrá le amhrán nua dochredite. An bhfuil aon leideanna agaibhse?

Inniu is grá linn:



Cótaí fionnadh (bréige, cinnte! Ní aontaímíd le cruálacht i gcoinne ainmhithe!!!)


agus riteoga pátrúnaithe! An gleoite!






Cad é do amhrán damhsa foirfe?

Monday, March 9, 2009

Fáilte go Rí Rá!

Tá Raidió Rí-Rá ag craoladh ar-líne 24 uair a chloig sa lá 365 lá sa bhliain agus beidh muid ag dul beo ar an aer le linn Sheachtain na Gaeilge 2009. Cén slí níos fearr chun bliain ag craoladh ar-líne a cheiliúradh! Cuir cluas linn ar ar FM ón 1 - 22 Márta 2009:Breithlá Shona Raidió Rí-Rá!
Tune into Raidió Rí-Rá on FM this March

  • BAILE ÁTHA CLIATH 100.3
  • CORCAIGH 106.7
  • GAILLIMH 99.1
  • LUIMNEACH 105.5

SnaGNuacht: Beidh an scéal is déanaí ó imeachtaí Sheachtain na Gaeilge fud fad na tíre le cloisteáil ar an uair, gach uair a chlog agus tuigtear go mbeidh roinnt aoi speisialta ag bualadh isteach freisin. Woop!
Get hourly updates from Seachtain na Gaeilge

Samsung CnaG SnaG RíRáCeist an Lae: Éist linn gach lá ag 8.15am agus 5.00pm le ceist an lae a chloisteáil. Beidh deis agat Gael Fón iontach nua Samsung a bhuachaint chuile lá ach an freagra ceart a chur isteach chugainn sa stiúideo. Cuir ort do chaipín cliste! I gcomhar le príomhurraitheoir an stáisiúin, Samsung Mobile
Put on your thinking cap and be in with a chance to win a brand spanking new Samsung phone every day!

Ceisteanna craiceáilte: Is tráth na gceist bunaithe ar cheoltóirí móra na gcairteacha agus ar chúlchaint na réaltaí clúiteacha atá i gCeisteanna Craiceáilte agus é dírithe go hiomlán ar an aos-óg. Is deis í seo duitse leis an spraoi a chur ar ais sa Ghaeilge sa seomra ranga! I gcomhar leis an Irish Daily Star
Put the pop back into popquizzes our crazy questions in your classroom

Sceideal: Chomh maith leis na gnáthchláracha Popnuacht agus Top 40 oifigítá cheana féiiúl na hÉireanna ar fáil ar-líne, tá seónna beo á gcraoladh againn ó 7.30rn go 6.00in gach lá. Coinnigh cluas linn ar Lá Fhéile Phádraig freisin chun cúpla clár speisialta curtha i láthair ag aíonna an-aitheanta ó dhomhan réalta na teilifíse a chloisteáil. Tuilleadh eolais le teacht!
We have a loads of live shows for you and some well-known Irish celebrities will be dropping in too!

Teagmháil: Déan teagmháil linn anseo sa stiúideo ag eolas@raidiorira.ieó 085 132 8000 ag chun hi mór a rá le do chairde nó chun iarratas a dhéanamh ar an amhrán is fearr leat sna cairteacha a chloisteáil. Is féidir an ceol a roghnú ar-líne ón suíomh seo ar an leathanach iarratais reisin. Is fútsa atá sé!
Get in touch with us and make Rí-Rá your station!


Fan linn ar Raidió Rí Rá!