BLOGGER TEMPLATES AND TWITTER BACKGROUNDS »

Friday, March 13, 2009

Maidin mhaith!

Ach níl chuile dhuine chomh maith ar maidin!

Bhíomar amach ar fad oíche areir ag Sonas, oíche nua in áit Sult. Rath mór ab ea é- slua cool ab ea ann agus bhí Kila ag seinnt, le Odjemba agus Paddy Courtney. Sár craic! Bhí Kila dochreidte!


Inniu is é ceist an lae ná:

"Cen réalta "Dawson's Creek atá chun lipéid éada í a dhearadh don Armani?"

Faigh an fón sin páistí!

Inniu, is aoibheann linn John Mayer. Ní raibheamar RÓ cinnte faoi ach tar éis an video seo a fheiceáil, conas nach dtaitníodh sé go mór libhse?



Suainseán le haghaidh inniu:

Céard atá ar siúl idir Jennifer Aniston agus John Mayer? An bhfuil siad le chéile nó nach bhfuil?


Sórt é lads! Tá sibhse ró dathúil chun a bheith ag argóint.





Cad atá ar siúl le Madonna ach an oiread? A-Rod? No Jesus Luz? An cuma linnse?


Ar aon nós, nílimid chun rud ar bith a rá faoi Madonna. Tá cuma neart ag an mbean sin. Tá eagla orainn fuithi. I ndáiríre.





Ghabhadh Ashley Cole mar gheall ar iompar ólta agus mí ordúil Dé Déardaoin seo caite. Bhí sé ag screadaíl ar poiliní tar éis a thóg dhuine éigin griangraf de ag caint le bean óg fionn. Bhí Cheryl thuas Kilimanjaro le haghaidh Comic Relief ag an am ina measc. An gobshite.





Ar chuala tú? Tá Rihanna chun Chris Brown a phósadh!

CAD ATÁ TÚ AG DÉANAMH?!!!!!




Sin é mo bheauties! Go dtí amárach!

0 comments: